Skip to main content

Próifíl an Bhlagálaí - Leah

Dia Dhuit,

Fáilte go dtí Ardán Na Feóire, blag rang Feóire. Tá súil agam go mbainfidh sibh taitneamh as an mblag seo.

Is mise Leah agus tá me cúig bliana déag d’aois.  Tá cónaí orm i Léim an Bhradáin i gCo. Cill Dara. Is duine greannmhar agus gealgháireach mé.  Taitníonn a bheith ag cócaireacht agus ag bacáil liom agus freisin is maith liom dul ar shiúlóidí. Freisin is maith liom ag féachaint ar Netflix, ag éisteacht le ceol agus ag caint agus ag dul amach le mo chairde.

Taitníonn scannáin agus cláir teilifíse uafáis agus ghrinn liom. Is é an clár teilifíse is fearr liom ná ‘Brooklyn Nine-Nine’ de bharr go bhfuil sé


greannmhar agus taitníónn na carachtair liom. Tá mé I lár ag féachaint ar clár darbh ainm ‘ The Vampire Diaries’ agus tá mé ag baint taitneamh as go dtí seo. Freisin is maith liom clár agus freisin físeáin ar YouTube faoi coirscéalta fírinneacha, tá suim agam cliosteáil faoi scéalta atá tar éis tarlú sa fíorshaol

An scannán is fearr liom ná an tsraith scánnan bunaithe ar Hannibal Lecter. Mo scánnan is fearr sa rsraith sin ná ‘Silence of the Lambs’. Faoi láthair tá mé ag léamh an leabhar ‘Echoes’ le Maeve Binchy sa rang Béarla i rith an rang léitheóireachta agus go dtí seo taitníonn an leabhar liom.

Taitníonn a bheith ag éisteachle ceol liom. Taitníonn go leor cineáil ceoil liom ach go háirithe popcheol agus ceol a bhíonn I scánnan ceoil cosúil le Mamma Mia agus Hairspray. 

Tá suim agam i mbacáil agus i rith coraintín bhí mé ag bácáil do mo chlann go léir. Bhácáil mé rudaí cosúil le arán sóid, donnóga, bonnóga, bhrioscarán, donnóga biatas, brioscaí, cookies, cáca cáise, donnóga cáca cáise, cáca seacláide, bunnóga líomód agus síolta poipín, cáca ceobhrán líomóid agus nís mó. Tar éis cleachtadh cúpla uair bhí mé ag feabhsú mo scileanna bácála agus bhí blas agus uigeacht níos fearr ar gach rud gach uair a rinne mé iad.

Scil a d’fhoghlaim mé an bhliain seo ná conas madra a thraenáil. I rith coraintín fuair mo chlann madra agus d’ainmnigh muid é George. Is Zuchon é George ( meascán idir síotsú agus meascán catach). Rinne mé go leor den traenáil leis agus mhúin mé go leor scilleanna agus cleasanna dó. Mhúin mé do George na cleasanna seo a leanas: suí síos, luí síos, craith lámha, 5 ard, fán, féach, tar, súil, leagan agus faigh. Faoi láthair, tá mé ag múineadh dó churothlú a dhéanamh. 

Ceapaim go bhfuil scoil níos deacaire le srianta covid ach freisin, tá sé níos fearr ná an dúnadh síos de bharr go bhfuil mé in ann mo chairde a fheiceáil. Níl muid ag dul ar an méid céanna agus an saghas céanna turais is a b na bliantaeile ach, tá muid tar éis dul ag imirt galfchoise ag PeaMount. Bhí an turas sin greannmhar de bharr go raibh gach duine mo ghrúpa uafásach aige. Thit mé ar mo liathróid agus fuair ceann de mo chairde greamaithe i gcrann agus bhí gáire maith againn go léir.

 

Go raibh maith agat as ucht mo bhlag a léamh go dtí seo, slán go fóill,

Leah

Comments

Postálacha Móréilimh

Teoiric Chomhcheilge Post Malone - Leah

Teoiric Chomhcheilge - Níl Post Malone ag canadh an amhráin Post Malone Is amhránaí cáiliúil as na Stáit Aontaithe é Post Malone (Austin Richard Post ó cheart). Rugadh é ar 4ú Iúil 1994, rud a fhágann go bhfuil sé 25 bliana d'aois. Tá cáil air mar gheall ar a stíl nua agus éagsúil. Tá go leor seánraí éagsúla aige mar shampla, hip hop, r & b, pop, gaiste, rap rac agus rap scamall.   Is í an chomhcheilg ná go seinneann Justin Beiber an t-amhrán in áit Post Malone. Tá a fhios go ginearálta gur caiteoir toitín trom é Post Molone agus cheistigh go leor daoine, conas gur féidir le guth Post Malone a bheith chomh maith agus a theastaíonn uaidh agus é ag caitheamh tobac? Is as sin a thagann an chomhcheilg.   Má thógann tú roinnt amhrán Post Malone agus má ardaíonn tú an airde an amhráin nó má bhriseann tú an t-amhrán nó má dhéanann tú an dá rud, cheapfá gurb é Justin Beiber atá ag amhránaíocht. Cuirtear iallach ar Beiber dul isteach sa stiúideo do Post Malone gach uair a bhíonn cuma nu

Am le do chairde le linn dianghlasála - Caoimhe C

Ag iarraidh rud éigin spraoi a dhéanamh le do chairde ach an bhfuil tú i bhfód go docht? Más rud é seo is féidir leat a dhéanamh le chéile thar líne chun beagán spraoi a bheith agat agus srianta an víríschorónaigh a chomhlíonadh ag an am céanna. 1. Comórtas Bácála ar Zoom: Déan cruinniú ar an aip Zoom a sceidealú le do chairde. Ansin faigheann gach duine na comhábhair chun cáca a bhácáil. Faigh pictiúir de do chíste maisithe ar líne Téigh go dtí an cruinniú agus iarr ar gach duine an cáca a bhácáil agus a mhaisiú de réir mar a roghnaíonn tú. Ansin faoi dheireadh is féidir leat vótáil ar son an chinn is fearr agus beidh buaiteoir ann. Seo roinnt samplaí agus oidis don chíste:                https://www.bbcgoodfood.com/user/335947/recipe/basic-vanilla-cake                                                                 2. Suirbhé Foirmeacha Google: Téigh chuig Google Forms ar líne agus cruthaigh suirbhé. Cuir ceisteanna bunaithe ar do ghrúpa cairde agus is iad ainmneacha an ghrúpa na fre

Jo Lindner - An Corpfhorbróir Nádúrtha? - Eoin

Is corpfhorbróir cáiliúil é Jo Lindner. Tá sé 28 bliana d’aois agus tá sé ina chónaí i Dubaí cé gur rugadh sa Ghearmáin é. Tá os cionn 3 mhilliún leantóir ag Jo ar Instagram agus timpeall 500 milliún ar YouTube. Ar a bharr sinm is ambasadóir é do go leor gnólachataí éadach. Bhí go leor conspóide ann le Jo mar níor cheap daoine go raibh sé “nádúrtha”. Shíl daoine é seo toisc go ndeachaigh Jo ó bheith ag breathnú cosúil le gnáthdhuine go dtí a bheith aclaí in achar an-ghearr, ach le déanaí tháinig sé amach agus dúirt sé lena lucht leanúna gur úsáid sé stéaróidigh.  Dúirt sé go raibh éifeacht dhiúltach ag na stéaróidigh air agus d’fhoghlaim sé nach fiú iad. Shíl sé go dtiocfadh fearg ar a lucht leanúna mar gheall ar úsáid sé na stéaróidigh ach níor éirigh leis! Thug siad an-tacaíocht agus fuair siad a lán tacaíochta ó dhaoine lúfar eile. Anois tá Jo ag leanúint lena ghairm i gcorpfhorbairt gan stéaróidigh a úsáid.