Skip to main content

Próifíl an Bhlagálaí - Luke

Fáilte chuig an mblag Ardán na Feóire. Tá súil agam go mbainfidh tú taitneamh as mo bhlag. Déan cinnte súil a chaitheamh na postáil eile ó Ardán na Feóire. Tá gach duine sa rang ag obair go dian chun ionchur maith agus suimiúl a phóstáil go leanúnach.

Luke Mac Gormáin is ainm dom agus tá mé cúig bhliana déag d’aois. Cónaíonn mé i gCill Droichid, i gContae Cill Dara. Is duine spóirtiúl agus cabhrach mé. Imríonn peil agus peil ghaelach i gclubanna áitiúla.




Is am aisteach é seo. Ach is seans é chun scileanna nua a fhoghlaim agus a chleachtadh. An scil is modh a d'fhoghlaim mé an bhliain seo ná má oibríonn tú go dian, bainfidh tú do spriocanna amach. D’fhoghlaim mé é seo nuair a fuair mé mo chuid torthaí don teastas sóiséarach. Bhí mé ag stáidéar ar feadh míosa agus bhí mé an-dírithe ar mo chuid scrúduithe. Nuair a dhún na scoileanna síos, mhoill m'obair ar fad síos ach choiméad mé orm ag stáidéar agus bhí mé fós dírithe. Faoin am a shroic sé mí an Mheithimh, bhí lán fios ag gach dálta go mbeadh na scrúduithe ag dul ar aghaidh ón mbaile. D'éirigh mé neirbhíseach dá bharr ach, ní raibh na scrúduithe ró-dhona, áfach, agus fuair mé na torthaí lena raibh mé ag súil. D'oibrigh mé go dian agus bhain mé mo spriocanna amach. Sin conas a d’fhoghlaim mé scil nua i rith an ama aisteach seo.

Tá ár scoil ag obair chun muid a choinneáil sábháilte sa scoil agus chun taitneamh a bhaint as an idirbhlian agus táim an-dóchasach faoin mbliain seo. 

Is seo mo thuaraim ar gach rud atá ag dul ar aghaidh faoi láthair. Go raibh maith agat as mo chéad phostáíl a léamh. Scríobhfaidh mé ceann eile go luath.
Slán, 
Luke.

Comments

Postálacha Móréilimh

Teoiric Chomhcheilge Post Malone - Leah

Teoiric Chomhcheilge - Níl Post Malone ag canadh an amhráin Post Malone Is amhránaí cáiliúil as na Stáit Aontaithe é Post Malone (Austin Richard Post ó cheart). Rugadh é ar 4ú Iúil 1994, rud a fhágann go bhfuil sé 25 bliana d'aois. Tá cáil air mar gheall ar a stíl nua agus éagsúil. Tá go leor seánraí éagsúla aige mar shampla, hip hop, r & b, pop, gaiste, rap rac agus rap scamall.   Is í an chomhcheilg ná go seinneann Justin Beiber an t-amhrán in áit Post Malone. Tá a fhios go ginearálta gur caiteoir toitín trom é Post Molone agus cheistigh go leor daoine, conas gur féidir le guth Post Malone a bheith chomh maith agus a theastaíonn uaidh agus é ag caitheamh tobac? Is as sin a thagann an chomhcheilg.   Má thógann tú roinnt amhrán Post Malone agus má ardaíonn tú an airde an amhráin nó má bhriseann tú an t-amhrán nó má dhéanann tú an dá rud, cheapfá gurb é Justin Beiber atá ag amhránaíocht. Cuirtear iallach ar Beiber dul isteach sa stiúideo do Post Malone gach uair a bhíonn cuma nu

Am le do chairde le linn dianghlasála - Caoimhe C

Ag iarraidh rud éigin spraoi a dhéanamh le do chairde ach an bhfuil tú i bhfód go docht? Más rud é seo is féidir leat a dhéanamh le chéile thar líne chun beagán spraoi a bheith agat agus srianta an víríschorónaigh a chomhlíonadh ag an am céanna. 1. Comórtas Bácála ar Zoom: Déan cruinniú ar an aip Zoom a sceidealú le do chairde. Ansin faigheann gach duine na comhábhair chun cáca a bhácáil. Faigh pictiúir de do chíste maisithe ar líne Téigh go dtí an cruinniú agus iarr ar gach duine an cáca a bhácáil agus a mhaisiú de réir mar a roghnaíonn tú. Ansin faoi dheireadh is féidir leat vótáil ar son an chinn is fearr agus beidh buaiteoir ann. Seo roinnt samplaí agus oidis don chíste:                https://www.bbcgoodfood.com/user/335947/recipe/basic-vanilla-cake                                                                 2. Suirbhé Foirmeacha Google: Téigh chuig Google Forms ar líne agus cruthaigh suirbhé. Cuir ceisteanna bunaithe ar do ghrúpa cairde agus is iad ainmneacha an ghrúpa na fre

Jo Lindner - An Corpfhorbróir Nádúrtha? - Eoin

Is corpfhorbróir cáiliúil é Jo Lindner. Tá sé 28 bliana d’aois agus tá sé ina chónaí i Dubaí cé gur rugadh sa Ghearmáin é. Tá os cionn 3 mhilliún leantóir ag Jo ar Instagram agus timpeall 500 milliún ar YouTube. Ar a bharr sinm is ambasadóir é do go leor gnólachataí éadach. Bhí go leor conspóide ann le Jo mar níor cheap daoine go raibh sé “nádúrtha”. Shíl daoine é seo toisc go ndeachaigh Jo ó bheith ag breathnú cosúil le gnáthdhuine go dtí a bheith aclaí in achar an-ghearr, ach le déanaí tháinig sé amach agus dúirt sé lena lucht leanúna gur úsáid sé stéaróidigh.  Dúirt sé go raibh éifeacht dhiúltach ag na stéaróidigh air agus d’fhoghlaim sé nach fiú iad. Shíl sé go dtiocfadh fearg ar a lucht leanúna mar gheall ar úsáid sé na stéaróidigh ach níor éirigh leis! Thug siad an-tacaíocht agus fuair siad a lán tacaíochta ó dhaoine lúfar eile. Anois tá Jo ag leanúint lena ghairm i gcorpfhorbairt gan stéaróidigh a úsáid.