Skip to main content

3 shraith leabhar is fearr do dhéagóirí - Aisling

 


1. The Hunger Games: 



Sna hunger games, bíonn 24 imreoir ann: cailín amháin agus buachaill amháin ó gach ceantar atá roghnaithe go randamach gach bliain. Bíonn ar na himreoirí troid chun báis agus ní bhíonn ach buaiteoir amháin ann. Leanann an chéad leabhar scéal Katniss Everdeen agus í ag tabhairt faoin gcluiche dáinséarach seo. Déanann sí cairde, déanann sí naimhde agus cruthaíonn sí stair. An mbeidh an t-ádh léi? Nó an ngeobhaidh sí bás ag déanamh iarracht an cluiche a bhuachaint? Molaim go mór an leabhair seo a léamh go háirithe má bhaineann tú taitneamh as scéalta diostóipe. Agus más déagóir thú. Tá dhá leabhair eile sa sraith leabhair seo , Catching Fire agus Mockingjay. Scríobh Suzanne Collins na leabhair seo.

2. Percy Jackson 



Is leabhair é seo faoi bHuachaill óg darbh ainm Percy Jackson atá 12 bliana d’aois. Tá gnáthshaol ag Percy go dtí go bhfaigheann sé amach gur ‘half-blood' é. Is éard is ‘half-blood’ ann ná duine le tuismitheoir amháin atá normálta agus tuismitheoir amháin gur Dia gréagach iad. Bíonn ar Percy dul go dtí ‘Camp Half-Blood', chun foghlaim faoi na déithe agus ionas nach bhfuil sé i ndáinséir ó na hollphéisteanna grána a bhfuil ag iarraidh é a mharú. Ceapann Zues gur ghoid Percy rud éigin fíor-thábhachtach uaidh agus tá ar Percy teacht ar an rud tábhactach sin ionas nach mbeidh Zues ar buile leis. Molaim duit an scéal seo a léamh má tá suim agat sna déithe gréagach agus an cultúr sin. Is scéal é seo le haghaidh páistí agus do dhéagóiri óga. Ta cúig leabhair sa tsraith leabhar seo a scríobh Rick Riordan.

3. Harry Potter 



Is leabhair fíor- cháiliúil é Harry Potter. Ba dílleachta é Harry a chónaigh lena uncail agus aintín chomh maith lena cholcheathar gránna, Dudley. Is fuath le muintir Dursley Harry agus is fuath le Harry na Dursley. Faigheann Harry amach gur draíodóir é agus gur mharaigh draoi olc darbh ainm Voldemort a thuismitheoirí. Téann Harry go ‘Hogwarts School of Witchcraft and Wizardry’ agus foghlaimíonn sé a lán faoi dhomhai iomlán nua nach raibh fhios aige a raibh ann. Buaileann sé lena chairde is fearr Ron agus Hermione, agus faigheann an triúir dóibh measctha suas in eachtraí dáinséireacha draíochtúla. Tá seacht leabhair sa tsraith leabhair seo agus faigheann siad níos dorcha agus tú á léamh ar aghaidh. Molaim do pháistí agus do dhéagóirí na leabhair seo a léamh. Scríobh J.K Rowling na leabhair seo.

Comments

Postálacha Móréilimh

Teoiric Chomhcheilge Post Malone - Leah

Teoiric Chomhcheilge - Níl Post Malone ag canadh an amhráin Post Malone Is amhránaí cáiliúil as na Stáit Aontaithe é Post Malone (Austin Richard Post ó cheart). Rugadh é ar 4ú Iúil 1994, rud a fhágann go bhfuil sé 25 bliana d'aois. Tá cáil air mar gheall ar a stíl nua agus éagsúil. Tá go leor seánraí éagsúla aige mar shampla, hip hop, r & b, pop, gaiste, rap rac agus rap scamall.   Is í an chomhcheilg ná go seinneann Justin Beiber an t-amhrán in áit Post Malone. Tá a fhios go ginearálta gur caiteoir toitín trom é Post Molone agus cheistigh go leor daoine, conas gur féidir le guth Post Malone a bheith chomh maith agus a theastaíonn uaidh agus é ag caitheamh tobac? Is as sin a thagann an chomhcheilg.   Má thógann tú roinnt amhrán Post Malone agus má ardaíonn tú an airde an amhráin nó má bhriseann tú an t-amhrán nó má dhéanann tú an dá rud, cheapfá gurb é Justin Beiber atá ag amhránaíocht. Cuirtear iallach ar Beiber dul isteach sa stiúideo do Post Malone gach uair a bhíonn cuma nu

Am le do chairde le linn dianghlasála - Caoimhe C

Ag iarraidh rud éigin spraoi a dhéanamh le do chairde ach an bhfuil tú i bhfód go docht? Más rud é seo is féidir leat a dhéanamh le chéile thar líne chun beagán spraoi a bheith agat agus srianta an víríschorónaigh a chomhlíonadh ag an am céanna. 1. Comórtas Bácála ar Zoom: Déan cruinniú ar an aip Zoom a sceidealú le do chairde. Ansin faigheann gach duine na comhábhair chun cáca a bhácáil. Faigh pictiúir de do chíste maisithe ar líne Téigh go dtí an cruinniú agus iarr ar gach duine an cáca a bhácáil agus a mhaisiú de réir mar a roghnaíonn tú. Ansin faoi dheireadh is féidir leat vótáil ar son an chinn is fearr agus beidh buaiteoir ann. Seo roinnt samplaí agus oidis don chíste:                https://www.bbcgoodfood.com/user/335947/recipe/basic-vanilla-cake                                                                 2. Suirbhé Foirmeacha Google: Téigh chuig Google Forms ar líne agus cruthaigh suirbhé. Cuir ceisteanna bunaithe ar do ghrúpa cairde agus is iad ainmneacha an ghrúpa na fre

Jo Lindner - An Corpfhorbróir Nádúrtha? - Eoin

Is corpfhorbróir cáiliúil é Jo Lindner. Tá sé 28 bliana d’aois agus tá sé ina chónaí i Dubaí cé gur rugadh sa Ghearmáin é. Tá os cionn 3 mhilliún leantóir ag Jo ar Instagram agus timpeall 500 milliún ar YouTube. Ar a bharr sinm is ambasadóir é do go leor gnólachataí éadach. Bhí go leor conspóide ann le Jo mar níor cheap daoine go raibh sé “nádúrtha”. Shíl daoine é seo toisc go ndeachaigh Jo ó bheith ag breathnú cosúil le gnáthdhuine go dtí a bheith aclaí in achar an-ghearr, ach le déanaí tháinig sé amach agus dúirt sé lena lucht leanúna gur úsáid sé stéaróidigh.  Dúirt sé go raibh éifeacht dhiúltach ag na stéaróidigh air agus d’fhoghlaim sé nach fiú iad. Shíl sé go dtiocfadh fearg ar a lucht leanúna mar gheall ar úsáid sé na stéaróidigh ach níor éirigh leis! Thug siad an-tacaíocht agus fuair siad a lán tacaíochta ó dhaoine lúfar eile. Anois tá Jo ag leanúint lena ghairm i gcorpfhorbairt gan stéaróidigh a úsáid.