An Nollaig seo, ní bheidh muid ag taisteal thar lear ach is cuma mar tá neart le déanamh anseo i mBaile Átha Cliath.
Soilse Lár na Cathrach: I lár na cathrach, bíonn soilse álainn crochta ar Shráid Grafton is féidir siúl síos ann sráid chun spioráid na Nollag a mhothú. Breathnaigh ar na fuinneoga i Brown Thomas agus tú ann chomh maith mar tá siad máisithe don Nollaig.
Margaí Nollag: Bíonn margaí Nollag ar siúl I nDún Laoghaire agus tá margadh nollag Chaisleán Bhaile Átha Cliath ar siúl sa chathair. Is féidir bronntanais nollag Eireannacha, bia, deochanna agus máisiúcháin a cheannacht ann.
Cuairt ar Dhaidí na Nollag I do charr: An bhliain seo is féidir Daidí na Nollag a fhéiceail ó do charr. Tá cinn ar siúl ar fud Bhaile Átha Cliath mar shampla in Aerfort Weston tá “Flight Before Christmas” le bia agus scannán tar éis nó ag “Santa’s Grotto Christmas Drive In” san RDS i mBaile Átha Cliath. Seo nasc:
https://driveinsanta.ie/
https://www.flightbeforechristmas.ie/?gclid=CjwKCAiAwrf-BRA9EiwAUWwKXowgLjpV-BKEFPNHpRp5_lfS3swSP9yIQTu67zzi_LS5prWCa-UBfhoCaRQQAvD_BwE
Scatáil ar Oighear: Is féidir dul ag scatáil ar oighear i “South Dublin on Ice” i dTamhlacht nó “Ice Skating Blanchardstown”. Tosaíonn an costas ag 12 euro do pháiste agus 13 euro do dhuine fásta.
Comments
Post a Comment