Timpeall na Nollag bíonn ar a laghad roghbhosca amháin ag gach duine sa teach.Is saghas traidisiún é in Éirinn gach Nollaig. Níor bhuail mé le duine riamh nach dtaitníonn roghbhosca leo ag an Nollaig.
Tá mé chun na seacláidí is fearr sna roghboscaí a rátáil i mo thuairim, ón gceann is blasta go dtí an ceann is measa. Cinnte is é an roghbhosca Cadbury an príomhroghbhosca atá ann agus mar sin, ta mé chun na seacláidí sa roghbhosca Cadbury a rátáil.
1. Wispa – I mo thuairim is é an Wispa an seacláid is fearr.
2. Double Decker – Gan dabht, ach conspóideach, is é an Double Decker an dara rogha tar éis an Wispa ta sé an-bhlasta!
3. Fudge – Is rogha conspóideach é seo ach i mo thuairim tá áit ag an bhFudge sna chéad trí háit mar go bhfuil sé go hálainn!
4. Buttons – Tá Buttons simplí ach bíonn an paicéad an-bheag agus ní bhíonn go leor iontu.
5. Dairy Milk – Chuir mé an Dairy Milk sa chúigiú háit mar is seacláid leadránach é.
6. Crunchie – I mo thuairim, tis é an Crunchie an seacláid is measa sa roghbhosca mar níl uigeacht deas aige agus is iomaí seacláid a bhíonn sa bharra seacláide Crunchie
Comments
Post a Comment