Rinne mé na fir sinsear seo agus bhí siad go hálainn agus mar sin, táim chun an oideas a roinnt libh.
Trealamh:
· Pota
· Meascthóir
· Spunóg adhmad
· Tráidaire bácála
· Paipéar bacáil
· Gearrthóir briosca i gcruth fear sinsear nó crann nollag nó fear sneachta
· Babhla sabháilte don oigheann micreathonnach
Comhabhair:
· 150g im
· 75g siúcra mion
· 75g siúcra donn
· 115g órshúlach
· 410g plúr bán
· 1 taespúnóg décharbonáit sodiam
· 1.5 taespúnóg sinsear meillte
· 0.5 taespúnóg cainéal
· 100g seacláid
· Milseán de do rogha don mhaisiúcháin
Modh:
1. Réamhthéigh an oigheann ag 180 céim celsius.
2. I bpota, léa an t-im, órshúlach agus siúcra le chéile.
3. Cuir an plúr, sinsear, cainéal agus décharbonáit sodiam sa méascthóir.
4. Ansin cuir an méascán léaite sa measthóir agus méasc gach rud le chéile go dtí go mbíonn an taos agat.
5. Róthlaigh do thaos amach go tiús de 1/3 cm agus lig dó suí sa reoiteoir le haghaidh 30 noiméad nó go dtí go bhfuil sé go hiomlán fuar.
6. Cuir páipéar bácála ar tráidaire bácála.
7. Thóg an taos as an réithóir agus gearr é I na cruthanna de do rogha le gearrthóir brioscaí.
8. Cuir na cruthanna ar an tráidaire agus san oigheann do 10-12 nóiméad nó go dtí go bhfuil siad orgá.
9. Lig dóibh fuarú roimh mháisiú.
10. Úsáid milseán agus seacláid leáite chun na brioscaí a mháisiú.
11. Bain taithneamh astu!
Comments
Post a Comment