Skip to main content

Amanna Aisteacha sa Chultúr Pop - Leah

Tá roinnt rudaí nach gcreidim a tharla go háirithe i saol na ndaoine óga a bhfuil aithne againn orthu go léir. Seo liosta de roinnt rudaí nach gcreidim a tharla nó a chuir ag smaoineamh mé, ‘Cé a dúirt leo gur smaoineamh maith a bhí ansin?’.


Gangnam Style

Ag uimhir a haon tá an t-amhrán agus an damhsa go ‘Gangnam Style’. Bhí an t-amhrán seo i bhfad chun tosaigh ar na hamhráin k-pop eile, mar ní raibh aithne fhorleathan ar k-pop ar fud an domhain i mbliana agus anuraidh, agus mar sin féin is fuath liom agus le formhór na ndaoine é. Tá sé dochreidte go raibh aithne ag gach duine ar an damhsa agus ar an amhrán in 2012 agus bhíothas ag súil leis an t-am ar fad. Agus ansin beagnach chomh tapa agus thosaigh sé, rinneadh dearmad air arís.

 



Poot Lovato

In 2015, bhí Demi Lovato ar an gcairpéid dearg agus tógadh pictiúir di agus ní raibh an solas thar mholadh beirte. Postáladh na pictiúir sin sna mílte memes agus chuaigh siad timpeall ar an idirlíon. Tháinig daoine suas leis an scéal gurbh í Poot Lovato, cúpla Demi Lovato a bhí Demi i bhfolach ina teach le blianta. Ní chreidim gur tharla sé seo, ag an am bhí sé greannmhar ach anois breathnaíonn tú siar air agus smaoiníonn tú, ‘Cé a tháinig aníos leis an smaoineamh sin????’.

 

Pokemon Go!

In 2016 ghlac Pokemon Go seilbh ar an domhan. Bhí gach mac máthair á imirt. Bhí sé mar aidhm ag an gcluiche ‘Pokemon’ a bhí fíorúil a aimsiú agus a bhailiú. AG am ar bith, bheadh tú in ann na cartúin seo a bhailiú agus pointí a fháil. Bhí daoine chomh sáite lena ngutháin gur fhéach daoine amach as sliabh ar bhóithre gnóthacha agus a leithead. An lá a scríobhadh an blag seo, bhí 21 duine tar éis bás a fháil agus gortaíodh 60 duine mar thoradh ar an gcluiche seo.



 

Cad a cheapann tú? An bhfuil aon rud nár luaigh mé ann? Go raibh maith agat as mo bhlag a léamh agus tá súil agam gur bhain tú taitneamh as.

Comments

Postálacha Móréilimh

Teoiric Chomhcheilge Post Malone - Leah

Teoiric Chomhcheilge - Níl Post Malone ag canadh an amhráin Post Malone Is amhránaí cáiliúil as na Stáit Aontaithe é Post Malone (Austin Richard Post ó cheart). Rugadh é ar 4ú Iúil 1994, rud a fhágann go bhfuil sé 25 bliana d'aois. Tá cáil air mar gheall ar a stíl nua agus éagsúil. Tá go leor seánraí éagsúla aige mar shampla, hip hop, r & b, pop, gaiste, rap rac agus rap scamall.   Is í an chomhcheilg ná go seinneann Justin Beiber an t-amhrán in áit Post Malone. Tá a fhios go ginearálta gur caiteoir toitín trom é Post Molone agus cheistigh go leor daoine, conas gur féidir le guth Post Malone a bheith chomh maith agus a theastaíonn uaidh agus é ag caitheamh tobac? Is as sin a thagann an chomhcheilg.   Má thógann tú roinnt amhrán Post Malone agus má ardaíonn tú an airde an amhráin nó má bhriseann tú an t-amhrán nó má dhéanann tú an dá rud, cheapfá gurb é Justin Beiber atá ag amhránaíocht. Cuirtear iallach ar Beiber dul isteach sa stiúideo do Post Malone gach uair a bhíonn cuma nu

Am le do chairde le linn dianghlasála - Caoimhe C

Ag iarraidh rud éigin spraoi a dhéanamh le do chairde ach an bhfuil tú i bhfód go docht? Más rud é seo is féidir leat a dhéanamh le chéile thar líne chun beagán spraoi a bheith agat agus srianta an víríschorónaigh a chomhlíonadh ag an am céanna. 1. Comórtas Bácála ar Zoom: Déan cruinniú ar an aip Zoom a sceidealú le do chairde. Ansin faigheann gach duine na comhábhair chun cáca a bhácáil. Faigh pictiúir de do chíste maisithe ar líne Téigh go dtí an cruinniú agus iarr ar gach duine an cáca a bhácáil agus a mhaisiú de réir mar a roghnaíonn tú. Ansin faoi dheireadh is féidir leat vótáil ar son an chinn is fearr agus beidh buaiteoir ann. Seo roinnt samplaí agus oidis don chíste:                https://www.bbcgoodfood.com/user/335947/recipe/basic-vanilla-cake                                                                 2. Suirbhé Foirmeacha Google: Téigh chuig Google Forms ar líne agus cruthaigh suirbhé. Cuir ceisteanna bunaithe ar do ghrúpa cairde agus is iad ainmneacha an ghrúpa na fre

Jo Lindner - An Corpfhorbróir Nádúrtha? - Eoin

Is corpfhorbróir cáiliúil é Jo Lindner. Tá sé 28 bliana d’aois agus tá sé ina chónaí i Dubaí cé gur rugadh sa Ghearmáin é. Tá os cionn 3 mhilliún leantóir ag Jo ar Instagram agus timpeall 500 milliún ar YouTube. Ar a bharr sinm is ambasadóir é do go leor gnólachataí éadach. Bhí go leor conspóide ann le Jo mar níor cheap daoine go raibh sé “nádúrtha”. Shíl daoine é seo toisc go ndeachaigh Jo ó bheith ag breathnú cosúil le gnáthdhuine go dtí a bheith aclaí in achar an-ghearr, ach le déanaí tháinig sé amach agus dúirt sé lena lucht leanúna gur úsáid sé stéaróidigh.  Dúirt sé go raibh éifeacht dhiúltach ag na stéaróidigh air agus d’fhoghlaim sé nach fiú iad. Shíl sé go dtiocfadh fearg ar a lucht leanúna mar gheall ar úsáid sé na stéaróidigh ach níor éirigh leis! Thug siad an-tacaíocht agus fuair siad a lán tacaíochta ó dhaoine lúfar eile. Anois tá Jo ag leanúint lena ghairm i gcorpfhorbairt gan stéaróidigh a úsáid.