An bhfuil tú ag iarraidh a bheith spreagtha agus an leagan is fearr duit féin i 2021 a aimsiú? - Caoimhe C
Bhí bliain deacair againn uilig 2020 ach is féidir linn rudaí a athrú thart in 2021. Seo rudaí gur féidir leat a dhéanamh chun tú féin a spreagadh agus a fheabhsú i mbliana.
Scríobh síos Spriocanna na Bliana:
Scríobh síos na spriocanna atá tú ag iarraidh baint amach chun tú féin a spreagadh. Seo cúpla de mo chinn: Dul ag rith 3 uair sa tseachtain ar a laghad, níos mó a léamh, rud éigin deas a dhéanamh do dhuine gach seachtain (cosúil le cabhrú le mo mham). Rinne mé é seo agus cheanna féin mothaím an spreagadh!
Taispeáin Buíochas:
Gach lá, smaoinigh nó scríobh 3 rud síos a bhfuil tú buíoch astu. Cuireann sé seo tú i meon dearfach agus beidh tú ag cuimhniú go bhfuil an t-ádh leat gach lá. Mar shampla: Táim buíoch as mo chlann, mo theach, mo chairde....
Déan clár Mianta do Chroí:
Seo clár le pictiúir de rudaí gur mhaith leat a bhaint amach sa saol. Is féidir pictiúir a phriontáil ó Pinterest agus ansin cuir iad ar chairtclár nó i bhfráma. Croch é in áit a bhfeicfidh tú é gach lá aus mar sin cuimhníonn tú ar na fáthanna go bhfuil tú ag obair go crua. Cuir pictiúir de do ghairm amach anseo, an stíl mhaireachtála gur mhaith leat, áit ar mhaith leat dul/conaí, na rudaí gur mhaith leat saol.... Chuir mé abairtí spreagtha ar mo cheann chomh maith.
Bain triail as rudaí nua:
Tá seans go bhfuil rud éigin a bhí tú ag conaí ag iarraidh triail a bhaint as ach bhí eagla ort nó bhí tú buartha faoi céard a cheapfadh daoine. Seo an bhliain chun é a thosnú! Go háirithe sa dianglasáil seo, beidh am agat cleachtadh a dhéanamh.
Má dhéanann tú na rudaí seo, heidh tú ar do bhealach chun leagan is fearr duit féin a aimsiú! Creidim ionat!
Comments
Post a Comment