Is duine mé a thaitníonn gach cineál ainmhí liom. Agus, gan dabht ar bith, is sampla den scoth é an t-ainmhí seo chun an fhíric sin a léiriú. Sa phostáil seo inniu, tá mé chun beagánín eolais a roinnt libh maidir leis an Frog Báistí Comónta.
Tagann an Frog Báistí Comónta ón chlann ‘Brevicipitidae’, agus tá sé le fáil san Afraic Theas, in Angóla, sa Bhotsuáin, sa Namáib agus sa tSiombáib. De ghnáth is san oíche a théann an Frog Báistí Cmónta amach chun bia a fháil. Itheann na froganna seo feithidí, teirmítí agus itheann na froganna óga boilb. Má dhéantar ionsaí ar na froganna seo méadaíonn siad iad féin agus éiríonn leo iad fhéin a shéideadh amach ar fad.
Is maith liom na hainmhithe seo go mór mar ceapaim go bhfuil siad suimiúil agus sílim go bhfuil siad thar a bheith gleoite freisin.
Comments
Post a Comment