Skip to main content

Beatháisnéis David Laid - Eoin

I saol na gCorpfhorbartha, is laoch nua óg é David Laid. Tá sé anois tar éis os cionn milliúin leantóir a fháil ar YouTube agus sa lá atá inniu ann leis an méid eolais atá le fáil ar YouTube, níl aon dabht faoi ach go bhfuil éacht bainte amach ag David Laid, cé nach bhfuil sé fós ach 22 bliana d'aois.

Rugadh David Laid san Eastóin sa bhliain 1998. Nuair a bhí sé a dó, fuair a athair bás i dtimpiste báid. B'am thar a bheith deacair a bhí ansin do Laid agus dá mháthair mar go raibh uirthi aire a thabhairt do thriúir páiste léin féin anois. Go gairid ina dhiaidh sin áfach, bhog siad go Stáit Aontaithe Mheiriceá.



I rith a bhlianta mar dhéagóirí, thosaigh sé ag fás go tapaí agus fuair sé scolóis mar gheall air seo. Nuair a bhí sé 14, bhí meacháín de 41kg (90punt) aige agus rinneadh bulaíocht air dá bharr. Dúirt a dhochtúir leis chun tosú ag traenáil a mheatáin le meachaín chun a dhroim a cheartú.  Is é seo a chur tús lena shaol sa Giom mar d'fhág sé an fhoireann Hacaí chun níos mó ama a chaitheamh sa giom.

Bhain David Laid cáill amach nuair a phostáil sé a chlaochlú ar YouTube, bhí ionadh ar dhaoine nuair a chonaic siad an claochlú céanna. Lena leithéid is lena mhéid, cheap daoine gur thóg David stéaróidigh anabalic ach níor thóg.

Is féidir físéan a phostáil sé a fháil ag an nasc thíos:
‘David Laid 3 year natural transformation’. 

https://youtu.be/n-uWtKO6JDo

Is féidir leat níos mó eolais a fháil ón bhfiséan chomh maith.. 








Comments

Postálacha Móréilimh

Athbhreithniú ar 2020 - Eve

 Athbhreithniú 2020 Aontaíonn gach duine nuair a deirim go mbraitheann 2020 mar 10 mbliana brúite isteach i gceann amháin. Tharla an oiread sin rudaí i mbliana. Táim cinnte go ndearna mórchuid na ndaoine dearmad ar a leath acu. Seo blaiseadh den méid a tharla in 2020: Tinte scrobarnach san Astráil. Thosaigh siad i mí na Nollag 2019 agus rinne siad caoineadh isteach sa bhliain nua. Dódh 47 milliún acra, fuair 34 bás agus díláithríodh na mílte. D’fhág an Prionsa Harry agus Meghan Markle an teaghlach ríoga. Painéal Covid-19. Ar 19 Eanáir d’fhógair an ‘World Health Organisation’ go raibh víreas marfach darb ainm ‘Coronavirus’ díreach tagtha chun cinn ó Wuhan, an tSín. Tá an víreas scaipthe ar fud an domhain, le 69.6 milliún cás agus 1.58 milliún bás ar a laghad. Fuair ​​Kobe Bryant agus a iníon bás le seachtar eile, nuair a bhí timpiste ag an héileacaptar a raibh siad ag taisteal ann an 26 Eanáir. Impeachment an Uachtaráin Donald Trump. Fuair ​​Trump iomardú i mí Eanáir chun fiosrú a d...

Binn Éadair - Eve

I mbliana, chuaigh grúpa mac léinn go Binn Éadair leis an scoil chun imeachtaí a dhéanamh san Idirbhlian le haghaidh bliain na Gaeilge ón ETBI.  D'fhág muid an scoil go luath ar maidin ar bhus agus thug an bus muid chun an bhaile, agus is ansin bhíomar ag súil leis an tsiúlóid 3.5 míle go teach solais Bhinn Éadair agus ar ais arís chun an bhaile. Bhí an tsiúlóid cineál deacair ach bhain mé taitneamh as mar bhí mé le mo chairde.  Bhíomar ag caint agus ag gáire an bealach ar fad. Nuair a shroicheamar ar ais sa bhaile bhí cead againn le breathnú timpeall orainn féin agus bia a fháil. Fuair mo chara eile agus mé fhéin sceallóga, bhí siad an-bhlasta ach is beag nár ionsaíodh muid do na sceallóga ag na faoileáin. Ach sa deireadh, bhíomar ar ais ar an mbus ag taisteal ar ais ar scoil, sásta ach tuirseach.

Ceardlann Podchraoltóireachta - Eimear

Le linn Bhliain na Gaeilge i mbliana, bíonn sé deacair imeachtaí a dhéanamh ach tá a lán rudaí suimiúla á ndéanamh ag mo scoil. Bhain mé an-taitneamh as an gceardlann podchraoltóireachta a rinne muid. Cuireadh mé i ngrúpa le cuid de mo chairde agus rinneamar é ar Zoom, d’éist muid le go leor podchraoltaí éagsúla agus d’fhoghlaimíomar conas ár bpodchroladh féin a thaifeadadh. Mhair sé dhá lá thar Zoom, ach de ghnáth ar scoil maireann sé lá scoile. Taitníonn ár bpodchraoladh ranga Ardán na Feóire liom agus mar sin, scríobh agus thaifeadamar ár bpodchroladh féin. Rinneamar eagarthóireacht freisin. Bhí orainn ceol inteoir a athmhúnlú ag úsáid an aip Bandlab. Ba é an ceol a dhéanamh an píosa ab fhearr liom. Bhí mo phodchraoladh faoi na cúig mhiotais Ghréagacha is fearr liom. Ba dheacair é seo a chur in eagar agus a thaifeadadh ach ba mhór an spraoi é. Bhain mé taitneamh as a bheith ag éisteacht le podchraoltaí mo chairde, cuid acu taifeadta le chéile. Ba bhreá liom podchraoladh a thosú le m...