Tá tuisicint eisceachtúil ag Harry Styles ar an bhfaisean agus bíonn na dearthóirí is fearr ar domhan ag iarraidh é a ghléasadh. Is é seo a 5 mhóimint faisin is fearr a bhí ag Harry Styles chun dáta:
1. Nua Eabhrac, Mean Fómhair 2017
Chaith Styles an chulaith seo agus é ag canadh ar stáitse ag “New York’s Radio City”. Sheas an culaith seo amach lena phátrún bhláthach agus na dathanna dearg agus miotalach inti.Bhí an chulaith seo foirmiúil agus chaith Harry é le péire lófaire Gucci.
2. Met Gala, Bealtaine 2019
Ba chulaith an-leithleach í an ceann seo. Chaith Harry é seo ag an Met Gala. Ba blús rímhín é a chaith sé le fáinne cluasa péarla amháin. Bhí freagairt an-láidir ag daoine ar an gculaith seo ag an am mar bhí sé an-difriúil.
3. Taibhiú Dunkirk, Nua Eabhrac.
Anseo chaith Harry culaith bhunúsach a bhí dubh ó bhun go barr. Bhí fáinní aige ar gach méar agus bhí a bhrístí spréite le bróidnéireacht orthu. Chaith sé buataisí le sál Chúbach orthu leis an gculaith seo. Ba mhóimint faisin den scoth é seo.
4. Brit Awards , Feabhra 2020
Chaith Harry culaith mná Marc Jacob’s anseo. Thaitin an dath buí canáraí go mór le daoine. Bhí sé geal agus sheas sé amach go mór.
5. An Late Late le James Cordon, Nollaig 2020.
Bhí an móimint faisin seo i bhfad níos bunúsaí ná na cinn eile ach fós féin, thaitin sé go mór liom.
Comments
Post a Comment