Skip to main content

Na Cláir Teilifíse is fearr ó na 1990idí - Aisling

Níl saoi gan locht ar ndóigh, ach seo liosta de na cláir teilifíse is fearr a thaithin liomsa ó na 1990idí.

1. 21 Jump Street: Tháinig an clár teilifíse 21 Jump Street amach sa bhliain 1987. Craoladh an chéad eipeasóid ar an 12ú d'Aibreán 1987 ar an FOX Network agus tháinig an eipeasóid déarnach amach ar an 27ú lá de Aibreán 1991. Chuaigh an clár ar aghaidh le haghaidh cúig shéasúr agus bhí 103 eipeasóid ann ar an iomlán. Is clár é seo faoi ghardaí óga a théann faoi rún i meanscoileanna. Is é Tom Handson ( Johnny Depp) ceann de na príomhcharachtar sa chlár seo.



2. Friends: Tháinig an chéad eipeasóid de Friends amach ar an 22 Mean Fomhair sa bhliain 1994. Is clár é seo a leanann 6 chara a chónaíonn i Nua-Eabhrac. Craoladh an clár déarnach  ar an 6ú lá de Bhealtaine 2004. Chuaigh an clár ar aghaidh le haghaidh 10 séasúr agus 10 mbliana.



3. Fresh Prince of Bel-Air: Is clár é seo faoi Will Smith. Bogann Will isteach lena hAintín agus Uncail saibhir. Leanan an clár seo Will agus é ag tabhairt faoin saol ag cónaí lena cholceathracha ardnósacha Carlton (Alfonso Ribiero) agus Hilary (Karyn Parsons). Tháinig an chéad eipeasóid amach ar an 10ú Nollaig 1990 agus tháinig an eipeasóid deireanach amach ar an 20ú lá de Bhealtaine 1996. Chuaigh an clár ar aghaigh le haghaidh 6 shéasúr.




4. Boy Meets World: Tháinig an chéad eipeasóid de Boy Meets World amach ar an 24ú Meén Fómhair 1993. Is clár é seo faoi dhéagóir Cory Matthews (Ben Savage) agus é agus a chairde ag tosnú an 6ú grád agus leanann sé iad suas tríd an ollscoil. Tháinig an eipeasóid deireanach amach ar an 5ú lá Bealtaine 2000. Chuaigh an clár ar aghaidh le haghaidh 7 séasúr agus tháinig an macshraith theilifíse ‘Girl Meets World’ faoi iníon Cory agus Topanga amach sa bhliain 2014.



Comments

Postálacha Móréilimh

Teoiric Chomhcheilge Post Malone - Leah

Teoiric Chomhcheilge - Níl Post Malone ag canadh an amhráin Post Malone Is amhránaí cáiliúil as na Stáit Aontaithe é Post Malone (Austin Richard Post ó cheart). Rugadh é ar 4ú Iúil 1994, rud a fhágann go bhfuil sé 25 bliana d'aois. Tá cáil air mar gheall ar a stíl nua agus éagsúil. Tá go leor seánraí éagsúla aige mar shampla, hip hop, r & b, pop, gaiste, rap rac agus rap scamall.   Is í an chomhcheilg ná go seinneann Justin Beiber an t-amhrán in áit Post Malone. Tá a fhios go ginearálta gur caiteoir toitín trom é Post Molone agus cheistigh go leor daoine, conas gur féidir le guth Post Malone a bheith chomh maith agus a theastaíonn uaidh agus é ag caitheamh tobac? Is as sin a thagann an chomhcheilg.   Má thógann tú roinnt amhrán Post Malone agus má ardaíonn tú an airde an amhráin nó má bhriseann tú an t-amhrán nó má dhéanann tú an dá rud, cheapfá gurb é Justin Beiber atá ag amhránaíocht. Cuirtear iallach ar Beiber dul isteach sa stiúideo do Post Malone gach uair a bhíonn cuma nu

Am le do chairde le linn dianghlasála - Caoimhe C

Ag iarraidh rud éigin spraoi a dhéanamh le do chairde ach an bhfuil tú i bhfód go docht? Más rud é seo is féidir leat a dhéanamh le chéile thar líne chun beagán spraoi a bheith agat agus srianta an víríschorónaigh a chomhlíonadh ag an am céanna. 1. Comórtas Bácála ar Zoom: Déan cruinniú ar an aip Zoom a sceidealú le do chairde. Ansin faigheann gach duine na comhábhair chun cáca a bhácáil. Faigh pictiúir de do chíste maisithe ar líne Téigh go dtí an cruinniú agus iarr ar gach duine an cáca a bhácáil agus a mhaisiú de réir mar a roghnaíonn tú. Ansin faoi dheireadh is féidir leat vótáil ar son an chinn is fearr agus beidh buaiteoir ann. Seo roinnt samplaí agus oidis don chíste:                https://www.bbcgoodfood.com/user/335947/recipe/basic-vanilla-cake                                                                 2. Suirbhé Foirmeacha Google: Téigh chuig Google Forms ar líne agus cruthaigh suirbhé. Cuir ceisteanna bunaithe ar do ghrúpa cairde agus is iad ainmneacha an ghrúpa na fre

Jo Lindner - An Corpfhorbróir Nádúrtha? - Eoin

Is corpfhorbróir cáiliúil é Jo Lindner. Tá sé 28 bliana d’aois agus tá sé ina chónaí i Dubaí cé gur rugadh sa Ghearmáin é. Tá os cionn 3 mhilliún leantóir ag Jo ar Instagram agus timpeall 500 milliún ar YouTube. Ar a bharr sinm is ambasadóir é do go leor gnólachataí éadach. Bhí go leor conspóide ann le Jo mar níor cheap daoine go raibh sé “nádúrtha”. Shíl daoine é seo toisc go ndeachaigh Jo ó bheith ag breathnú cosúil le gnáthdhuine go dtí a bheith aclaí in achar an-ghearr, ach le déanaí tháinig sé amach agus dúirt sé lena lucht leanúna gur úsáid sé stéaróidigh.  Dúirt sé go raibh éifeacht dhiúltach ag na stéaróidigh air agus d’fhoghlaim sé nach fiú iad. Shíl sé go dtiocfadh fearg ar a lucht leanúna mar gheall ar úsáid sé na stéaróidigh ach níor éirigh leis! Thug siad an-tacaíocht agus fuair siad a lán tacaíochta ó dhaoine lúfar eile. Anois tá Jo ag leanúint lena ghairm i gcorpfhorbairt gan stéaróidigh a úsáid.