Is banna ceoil bríomhar iad Wild Youth a fáisceadh as Baile Átha Cliath a tháinig le chéile in 2016. Nuair a d'éisigh siad a gcéád amhrán "All or Nothing" i lár 2017, d'athraigh saol an bhanna.
Tar éis dóibh bualadh le Danny O’Donoghue ó The Script ag an 2FM XMAS Ball ag deireadh 2017, bheartaigh siad moltaí Ó'Donoghue a leanúint agus chuaigh siad go Londain chun níos mó cáill a bhaint amach.
Nuair a bhí siad ann, thosaigh siad ag taifead le baill do The Script. Chabhraigh an Script leo amhráin nua a chumadh agus a scríobh. Faoi dheireadh, nuair a tháinig a singil amach darbh ainm "Can't Move On", cuireadh borradh mór nua faoin mbanna Wild Youth. D'éirigh leo lucht leanúna óg dílis a aimsigh dóibh féin.
Nuair a bhí an t-amhrán sin ag déanamh go hiontach i gcairteanna na hÉireann agus Sasana, bhí an banna ar thuras le Kodaline timpeall na hEorpa.
Ina dhiaidh sin, d'éisigh Wild Youth ‘‘The Last Goodbye’’ a bhain amach an cúigiú áit ar na cairteanna in Éirinn. Tá “Making Me Dance” ar an amhrán is cáiliúla atá acu agus tá os cionn 2,500,000 éisteacht ag an amhrán sin ar Spotify anois.
Comments
Post a Comment