San eagrán seo de Phodchroladh Ardán na Feóire atá mar pháirt de Bhliain na Gaeilge ón ETBI, labhraíonn Abby, Barra agus Eimear le hÁine Ní Bhreisleáin.Is láithreoir raidió, iriseoir, podchraoltóir, scríbhneoir chomh maith le go rudaí eile í Áine Ní Bhreisleáin. Rugadh Áine i nGaeltacht Ghaoth Dobhair i gCo. Dhún na nGall agus tá sí bainteach leis na meáin Ghaeilge ó bhí sí san Ollscoil.
Bíonn Áine le cloisteáil ar an bPodchraoladh "Beo ar Éigean" agus ar an gclár Bladhaire ar RNAG le linn na seachtaine. Is clár siamsaíochta é Bladhaire a bhíonn ar siúl gach Déardaoin agus Aoine beo ó stiúideo Dhoirí Beaga. Bíonn plé ar chúrsaí siamsaíochta, seisiúin cheoil beo sa stiúideo, trácht ar imeachtaí ar fud na tíre, agallaimh le haíonna ar fud an domhain, agus corr-phíosa spóirt freisin.
Is féidir éisteacht leis an agallamh le hÁine ag an nasc thíos:
Comments
Post a Comment