Cúig stíl gruaige do chailíní.
Tá na cúig stíl seo an-éasca agus deas.
- Pónaí: chun do chuid gruaige a chur i bpónaí is féidir leat do chloigeann a chasadh bun os cionn agus an ghruaig a scuabadh isteach i spoilín.
- Leath thuas leath thíos: chun é seo a dheanamh is féidir leat scuab a fháil agus é a chur tríd an ngruaig ar bharr do cheann agus ansin é a chur i spóilín nó biorán gruaige.
- Cocán: chun do ghruaig a chur i gcocán, caithfidh tú do ghruaig a chur i bpónaí ansin, tóg an pónaí agus cas píosa gruaige timpeall ar an spóilín.
- Níl ainm an cheann seo ar eolas agam ach is féidir dhá phíosa gruaige óos comhair do chloigeann a thógáil agus iad a chur siar ar chúl do cheann i mbiorán gruaige.
- Is féidir leat pónaí agus cocán a dhéanamh nuair atá do ghruaig leath thuas agus leath thíos. Caithfidh tú áfach, na céimeanna sin a leanúint!
Comments
Post a Comment