Bhí UFC 257 ar siúl Dé Sathairn 23ú Eanáir 2021. Ba é Conor McGregor V Dustin Poirier 2 an phríomhócáid ar an gcárta. Throid an bheirt seo in UFC 178 ar an seachtú lá is fichid de 2014. Bhuaigh McGregor sa chéad bhabhta trí TKO agus ba é seo an chéad troid a chaill Poirier.
Ach an uair seo, ag UFC 257 bhí an scór deiridh rud beag difriúil. Tar éis do McGregor an chéad bhabhta 10-9 a bhuachan ba é Poirier an té a ghlac buntáistí an bhabhta sin mar gheall ar na ciceanna laonna a thug sé do McGregor agus mar sin bhí Poirier níos láidre sa dara babhta. Chuir sé McGregor ar a chos chúl agus thug sé muinín dó agus chaill McGregor TKO den chéad uair ina shlí bheatha MMA. Bhí iontas ar go leor daoine nuair a tharla sé seo. Anois tá McGregor 22-5 agus níl cead aige troid ar feadh 6 mhí toisc gur gortaíodh é go dona sa troid.
Comments
Post a Comment