Is é truailliú aeir an ghuais comhshaoil is mó do shláinte gach duine. Mar sin le chéile tá athrú aeráide agus truailliú aeir ar cheann de na bagairtí is tromchúisí ar shláinte an domhain. Tá truailliú aeir laistigh agus lasmuigh freagrach as thart ar 7 milliún bás gach bliain. Tháinig sé sa dara háit tar éis tobac. Is é príomhchúis an truaillithe aeir na foinsí fuinnimh a úsáidimid le haghaidh iompair, giniúint leictreachais agus táirgeadh bia.
Le hathrú aeráide tá méadú ag teacht ar infhaighteacht uisce ar fud an domhain, ag dul i bhfeidhm ar an méid algaí atá i láthair. Laghdaíonn sé seo cáilíocht an uisce le hól. D’fhéadfadh cáilíocht an uisce meath mar gheall ar an méid dríodair agus cothaithigh san uisce de bharr na stoirme trom. Chomh maith leis an teocht ag ardú tá níos mó uisce ag galú agus tá an gá le huisce a bheith níos mó toisc go bhfuil níos mó daoine ar domhan anois.
Tá go leor éifeachtaí éigeandála ag athrú aeráide. Samplaí de seo is ea triomach níos mó mar gheall ar theochtaí ag ardú, beidh na séasúir níos faide, leanfaidh an teocht ag ardú, tiocfaidh hairicíní níos láidre agus níos láidre, faoi dheireadh ardóidh an fharraige 2 mhéadar faoi 2100
Comments
Post a Comment