Rinne mé tionscadal ailtireachta leis an ailtire Banbha McCann i mo rang ealaíne. Bhí sé go hiontach! D’fhoghlaim mé go leor faoi phost an ailtire.
Ar dtús d'fhéach muid ar stíl éagsúil ailtireachta i gcathracha mar Nua Eabhrac agus Baile Átha Cliath. Seo sampla den ailtireacht i mBaile Átha Cliath:
Ansin b’éigean dúinn páipéar a stocáil, a fhilleadh, a ghearradh agus a rolladh i gcruthanna éagsúla agus samhail pailliún a dhéanamh mar a dhéanann ailtire as na píosaí páipéir sin. Is áit nó réad poiblí é pailliún a oireann do gach duine d’aois, inscne nó cúlra ar bith. Bhain mé taitneamh as mar bhí mé in ann a bheith cruthaitheach leis.
Agus muid ag caint faoi staidéir choláiste d’fhoghlaim mé gur chaith ailtire 4 bliana ag déanamh onóracha san ailtireacht ansin caithfidh siad bliain a chaitheamh ag obair mar intéirneach. Ansin caithfidh siad dul ar ais ar an gcoláiste ar feadh 2 bhliain chun é a chríochnú.
Comments
Post a Comment