Is am iontach é seo chun rudaí a fháil deanta duit féin. Tá muid sa bhaile don lá ar fad gach lá agus mar sin, cosúil liomsa, ba cheart duit uiar a thógáil amach as do lá agus thug caighdean nua a chruthú duit féin chun a fáil níos sláintiúla. Tá aip iontach darbh ainm ‘couch to 5k’ agus tá na torthaí a fuair siad iontach ar fad. Smaoineamh ionatch a bhí i gceist leis agus is iomaí duine a rinne iad fhéin a athrú go dearfach.
Níl sé deacair ar chor ar bith mar is féidir leat dul ag do ráta féin ach cabhraíonn sé leat tú a chuir ar bhóthar do leasa. Is sprioc maith é an 5K mar is féidir leat é a shiúl ar dtús agus de réir a chéile, beagánín beag níos mó rith a dhéanamh nó siúl ar bhealach níos tapúla de réir a chéile.
Is iontach an aip é seo chun tús a chur le himeachtaí an tSamhraidh duit agus táimse á dhéanamh go fíorúil le mo chuid cairde d'imeachtaí Bhliain na Gaeilge.
Comments
Post a Comment