Seo an gearrscéal a scríobh mé don chomórtas idirbhliana le linn Sheachtain na Gaeilge:
"Ag Breathnú siar"
Is é inniu an 12 Márta 2050. Tá Caoimhe ina shuí sa chaifé gnóthach ag fáil a lóin agus éisteann sé leis an nuacht ar an teilifís.
"Ar an lá seo 30 bliain ó shin chuaigh an tír faoi ghlas dian le haghaidh paindéim an víris corónach." a deir an léitheoir nuachta. "Cé go bhfuil dearadh déanta ar an coronavirus le blianta, ní dhéanfaidh na daoine timpeall 2020 dearmad air go deo"
Éisteann sí le grúpa leanaí timpeall uirthi ag rá "Cad is paindéim ann?" “Cad is coronavirus ann?”. Tosaíonn sí ag gáire agus smaoiníonn sí ar an lá seo I 2020 ......
"Chuala mé go mbeidh na scoileanna ag dúnadh ar feadh coicíse," a dúirt mo chara.
“Tá coicís iontach. Táim chun - ”go tobann cuireann fógra ón bpríomhoide isteach orm.
“Mo leithscéal a mhúinteoirí, is oth liom cur isteach ar na ranganna, Ach tá fógra tábhachtach faighte ón Taoiseach. Tiocfaidh srianta isteach anocht ag a sé a chlog mar gheall ar an bpaindéim coronavirus. Fanfaidh na srianta seo i bhfeidhm go dtí an 29 Márta. Is é ceann amháin nach mbeidh scoileanna, coláistí agus áiseanna cúram leanaí ag dúnadh. "
Lean an príomhoide ag caint ach bhí mo rang ag screadaíl le háthas nár chuala mé mórán de!
"Tá gach duine sábháilte agus slán" a dúirt an Príomhoide ag deireadh an fhógra.
Bhí gach duine ag gáire.
Casaim ar mo chara. “Bhí an ceart agat. Táim ar bís! Cad a dhéanfaidh mé leis an am saor seo? "
Ghlaoigh an clog agus rith gach duine amach as an seomra chuig na taisceadáin. Chaith mé gach leabhar ó mo thaisceadán isteach i mo mhála scoile agus bhí carn leabhar i mo lámh. Dúirt mé slán le mo chairde agus chuaigh mé abhaile réidh don saoire iontach seo ón scoil!
… .......
"Is beag a bhí a fhios agam cad a bhí le teacht" a dúirt Caoimhe agus an bhliain is aisteach riamh ag tosú uirthi an lá sin.
Tagann cuimhní cinn di ón dá sheachtain sin, ag bácáil aráin banana, ag déanamh obair bhaile ar líne agus ag dul ag siúl gach lá. Cosúil le go leor eile, rinne sí go leor an tseachtain sin. Ach de réir mar a chuaigh na seachtainí thart agus ansin na míonna a chuaigh thart d’éirigh sí greannmhar, bhí sí ag breathnú ar Netflix gach lá agus ní dheachaigh sí chomh fada sin ag siúl.
Is cuimhin léi na heachtraí speisialta a chaith sí i nglais dhian mar Lá Fhéile Pádraig, Seachtain na Gaeilge, an Cháisc, a 15ú breithlá, Oíche Shamhna agus an Nollaig.
Tosaíonn sí ag smaoineamh ar an "Staycation" a bhí aici lena cairde agus lena teaghlach. Bhí sí ag gáire anois mar níor chaith sí saoire Samhraidh faoin tuath riamh roimhe seo! Agus tá an aimsir i gCiarraí an-difriúil i gcomparáid leis an aimsir sa Spáinn!
Mhúin paindéim ceacht fada di féin agus don domhan mór, ná glac aon rud i gceart.
Feiceann sí timpeall na ndaoine ina suí timpeall uirthi sa chaife ag caint agus ag suí lena cairde. Níl siad ach ag dul thart ar a lá. Deir sí,
"Táim níos buíoch as gach rud anois."
Comments
Post a Comment