Le déanaí, tháinig beirt stiúrthóir isteach sa scoil chun ceardlann a dhénaamh linn mar pháirt de Bhliain an gaeilge ón ETBi. Thug siad ipad agus tripod dúinn agus bhíomar in ann an scéal nuachta, radharc ó scannán nó físeán ceoil a dhéanamh.
Don chéad trí rang labhair na mná faoi na rudaí a rinne siad agus faoin gcaoi a n-úsáideann siad ceamaraí agus éifeachtaí speisialta a úsáideann siad i scannáin agus i seónna teilifíse. Ansin dúirt siad faoi uillinneacha ceamara agus conas a úsáideann siad iad.
Ansin, don trí rang tar éis sosa rinneamar ár bhfíseán. Roghnaigh mo ghrúpa chun físeán ceoil a dhéanamh agus rinneamar an t-amhrán “What makes you Beautiful” - One Direction. Thosaigh muid ag an mbialann agus rinneamar é ar iMovie. Chuamar go dtí seomra taobh leithris an halla agus d’úsáidamar scáileáin ghlasa.
Ní raibh orainn eagarthóireacht ar bith a dhéanamh tar éis lóin ach thaitin an lá go mór liom.
Comments
Post a Comment