Is gearrscannán iontach é ‘Cáca Milis’. Baineann sé le beirt phaisinéir traenach darb ainm Paul (Brendan Gleeson) agus Catherine (Charlotte Bradley). Tá Paul dall ach an-chairdiúil agus déanann sé a dhícheall comhrá a thosú le Catherine ach ní maith léi é seo. Tá plúchadh ag Paul freisin ach goideann Catherine a análóir agus faigheann Paul bás.
Is é mo thuairim ar an ngearrscannán ná go bhfuil sé an-bhrónach ar fad. Ba dhuine dearfach i gcónaí é Paul fiú agus na deacrachtaí aige agus ní raibh bás tuillte aige. É sin ráite, ba mhaith liom a fháil amach fós cén fáth go raibh ar Catherine a análóir a ghoid toisc go raibh a fhios aici nach mbeadh Paul in ann maireachtáil gan é.
Comments
Post a Comment